Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Climate Action

Inniúlachtaí an Aontais i Réimse na Gníomhaíochta ar son na hAeráide

eu_flag.jpg

Achtaíonn an tAontas agus na Ballstáit araon beartais aeráide, ach conas a roinntear na cúraimí?

Níl ag an Aontas Eorpach ach na hinniúlachtaí (cumhachtaí) a thug Ballstáit an Aontais dó trí na conarthaí. Fanann na hinniúlachtaí eile leis na ballstáit.

De réir Airteagal 11 agus Airteagal 191-193 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá an tAontas Eorpach inniúil chun gníomhú i ngach réimse den bheartas comhshaoil, an t-athrú aeráide ina measc. Tá a raon feidhme gníomhaíochta teoranta ag prionsabal na coimhdeachta.

Is inniúlacht chomhroinnte é an t-athrú aeráide a chomhrac: féadfaidh an tAontas agus na Ballstáit araon gníomhartha a ghlacadh atá ceangailte ó thaobh dlí. Mar sin féin, ní féidir leis na Ballstáit sin a dhéanamh ach amháin i gcás nár fheidhmigh an tAontas a inniúlacht chun sin a dhéanamh nó i gcás inar scoir sé go sainráite de sin a dhéanamh. Laistigh de gach Ballstát, féadfaidh rialtais áitiúila nó réigiúnacha a bheith freagrach as réimsí áirithe.

Ina theannta sin, tá na Ballstáit freagrach as dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar an láthair.

Aeráidneodracht ar fud an Aontais

Faoin Dlí Aeráide Eorpach, tá oibleagáid dhlíthiúil ar an Aontas aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Ina measc sin, tá sprioc idirmheánach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030.

Féadfaidh na Ballstáit spriocanna idirmheánacha atá níos uaillmhianaí a ghlacadh. Iadsan freisin atá i gceannas ar na modhanna a roghnaítear chun laghduithe ar astaíochtaí a bhaint amach ar a gcríoch féin.

Bíonn difríochtaí idir na cuir chuige maidir le hastaíochtaí a laghdú ar fud earnálacha.

Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA an Aontais)

Le CTA an Aontais, shocraigh an tAontas teorainn i dtaca le hastaíochtaí foriomlána ó earnálacha áirithe; soláthar fuinnimh, tionscail dianfhuinnimh agus eitlíocht go háirithe, sin agus chruthaigh sé margadh le haghaidh lamháltais astaíochtaí, rud lena gcuirtear praghas ar charbón.

Is inniúlacht chomhroinnte é cur i bhfeidhm CTA an Aontais:

  • gníomhaíonn an Coimisiún nuair atá gá le coinníollacha aonfhoirmeacha i dtaca le cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais chun cur chuige comhchuibhithe a chinntiú ar fud na mBallstát, e.g. chun leithdháileadh lamháltas saor in aisce a dhearbhú, agus chun monatóireacht a dhéanamh ar astaíochtaí, sin agus iad a thuairisciú agus a dheimhniú.
  • Leithdháileann Ballstáit lamháltais ar a n-oibreoirí tionsclaíocha, agus déanann siad astaíochtaí iarbhír a rianú agus a bhailíochtú i gcomhréir leis an méid sannta ábhartha. Feidhmíonn Ballstáit áirithe ardáin cheantála. Caitheann na Ballstáit ioncam CTA ar ghníomhaíocht ar son na haeráide freisin.

Comhroinnt Díchill

Pléann an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill le hastaíochtaí iompair intíre (seachas eitlíocht), foirgneamh, talmhaíochta, dramhaíola agus suiteálacha beaga tionsclaíocha san Aontas. Laghdófar na hastaíochtaí seo 40% i gcomparáid le leibhéil 2005 faoi 2030.

Glacann gach Ballstát páirt sa dícheall sin, agus tá spriocanna náisiúnta idir -10 % agus -50% ann. Tá na Ballstáit freagrach as na spriocanna sin a chur i bhfeidhm agus a bhaint amach, trí mheascán de bhearta de chuid an Aontais agus de bhearta náisiúnta. Laistigh de gach Ballstát, féadfaidh rialtais áitiúla nó réigiúnacha a bheith freagrach as cuid de na réimsí sin.

Úsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht (LULUCF)

Le rialachán LULUCF, tugtar isteach sprioc an Aontais maidir le glanaistrithe carbóin trí linnte nádúrtha a mhéadú go 310 milliún tona de choibhéis CO2 faoi 2030. Tá spriocanna sonracha ag gach Ballstát.

Tá na Ballstáit freagrach as aire a thabhairt dá n-aistrithe carbóin agus iad a fhairsingiú chun sprioc nua an Aontais a chomhlíonadh. Is iomaí beart atá idir lámha acu chun feabhas a chur ar bhainistiú a gcuid talún, bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí nó tailte portaigh a athfhliuchadh ina measc. Tugann siad cothrom le dáta a bpleananna straitéiseacha faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) chun an uaillmhian níos airde maidir le hearnáil na talún a léiriú.

Caighdeáin CO₂ le haghaidh gluaisteán agus veaineanna

Na gluaisteáin agus na veaineanna go léir a dhíolfar san Aontas ón 1 Eanáir 2035, ní mór dóibh a bheith ina bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha. Tá spriocanna laghdaithe astaíochtaí sonracha acu ó 2030 ar aghaidh i gcomparáid le leibhéil 2021. Leagtar síos freisin spriocanna sonracha ar bhonn bliantúil do gach monaróir.

Tá ról ríthábhachtach ag na Ballstáit ann toisc go mbraithfidh rath an bheartais nua sin ar líon na stáisiún athluchtaithe a mhéadú ar fud na hEorpa. Faoi chuimsiú an rialacháin maidir le himscaradh Bonneagar Breoslaí Ionadúla, agus le cabhair ó údaráis áitiúla, méadóidh na Ballstáit an acmhainneacht luchtaithe i gcomhréir le díolacháin gluaisteán astaíochtaí nialasacha agus suiteálfaidh siad pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe ag pointí rialta feadh na bpríomhmhótarbhealaí.

Tacaíocht a thabhairt do gach duine san Aistriú Glas

Anuas ar reachtaíocht, tugann an tAontas Eorpach tacaíocht airgeadais do Bhallstáit, bailte, réigiúin, gnólachtaí agus grúpaí leochaileacha chun cabhrú leo san aistriú glas. Bíonn an tacaíocht airgeadais sin an-éagsúil, idir clár LIFE, an Ciste Aeráide Sóisialta, an Ciste don Nuálaíocht agus an Ciste don Nuachóiriú.