Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Climate Action

Cúiseanna leis an athrú aeráide

Breoslaí iontaise a dhó, foraoisí a ghearradh anuas, agus feirmeoireacht a dhéanamh ar bheostoc, tá siad sin ag dul i gcion níos mó ná riamh ar an aeráid agus ar theocht an domhain.

Dá bhrí sin, tá méideanna ollmhóra de gháis ceaptha teasa á gcur leis na gáis a bhíonn san atmaisféar go nádúrtha, rud a mhéadaíonn an iarmhairt ceaptha teasa agus an téamh domhanda.

Téamh domhanda

Ba iad 2011–2020 na deich mbliana ba theo ó thosaigh na taifid, agus in 2019 bhí meánteocht an domhain 1.1°C ní b’airde ná an leibhéal réamhthionsclaíoch. Faoi láthair, tá méadú 0.2°C in aghaidh na ndeich mbliana ag teacht ar théamh domhanda arb é an duine is cúis leis.

An méadú 2°C ar an teocht i gcomparáid leis an teocht réamhthionsclaíoch, baineann tionchair dhiúltacha thromchúiseacha ar an gcomhshaol nádúrtha leis, mar aon le tionchair dhiúltacha thromchúiseacha ar shláinte agus folláine an duine, agus baol i bhfad níos mó go dtiocfaidh athruithe contúirteacha ar thimpeallacht an domhain, athruithe a d’fhéadfadh a bheith tubaisteach.

Ar an gcúis sin, tá sé aitheanta ag an gcomhphobal idirnáisiúnta gur gá an méadú ar an teocht a choinneáil faoi bhun 2°C agus gach iarracht a dhéanamh é a choinneáil ag 1.5°C ar a mhéad.

Gáis ceaptha teasa

Is í an iarmhairt ceaptha teasa an phríomhchúis leis an athrú aeráide. Feidhmíonn roinnt de na gáis atá in atmaisféar an domhain beagán cosúil leis an ngloine i dteach gloine: ceapann siad teas na gréine agus stopann siad de bheith ag sceitheadh amach sa spás é, rud is cúis leis an téamh domhanda.

Go leor de na gáis ceaptha teasa sin, bíonn siad ann go nádúrtha, ach de dheasca ghníomhaíochtaí an duine tá tiúchan roinnt acu ag méadú san atmaisféar, go háirithe:

  • dé-ocsaíd charbóin (CO2)
  • meatán
  • ocsaíd nítriúil
  • gáis fhluairínithe

Is iad gníomhaíochtaí an duine a ghineann CO2 is mó a chuireann leis an téamh domhanda. Faoi 2020, bhí tiúchan CO2 san atmaisféar méadaithe go 48% níos airde ná an leibhéal réamhthionsclaíoch (roimh 1750).

Tá méideanna níos lú de gháis ceaptha teasa eile á n-astú freisin i ngeall ar ghníomhaíochtaí an duine. Is láidre meatán ná CO2 mar ghás ceaptha teasa ach is giorra an saolré atá aige san atmaisféar. Cosúil le CO2, is gás ceaptha teasa fadsaolach é ocsaíd nítriúil, gás a chruinníonn le chéile san atmaisféar ar feadh na ndeicheanna de bhlianta nó fiú ar feadh na gcéadta de bhlianta. Bíonn éifeachtaí éagsúla téimh agus fuaraithe ag truailleáin gháis nach gáis ceaptha teasa iad, aerasóil amhail súiche san áireamh, agus baineann siad freisin le saincheisteanna eile amhail droch-cháilíocht aeir.

Is cúiseanna nádúrtha iad athruithe radaíochta na gréine nó oibriú bolcánach, agus meastar gurb ionann an méid a chuir siad le teocht an téimh ina iomláine idir 1890 agus 2010 agus 0.1°C a bheag nó a mhór.

Cúiseanna leis an méadú ar astaíochtaí

  • Gintear dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil nuair a dhéantar gual, ola agus gás a dhó.
  • Foraoisí á ngearradh síos (dífhoraoisiú). Cabhraíonn na crainn chun an t-aeráid a chothromú trí CO2 a ionsú ón atmaisféar. Nuair a bhaintear iad, cailltear an tionchar tairbhiúil sin agus scaoiltear an carbón atá stóráilte sna crainn san atmaisféar, rud a chuireann leis an iarmhairt ceaptha teasa.
  • Méadú ar fheirmeoireacht beostoc. Cruthaíonn ba agus caoirigh méideanna móra meatáin agus a mbia á ndíleá acu.
  • Tagann astaíochtaí ocsaíde nítriúla ó leasacháin ina bhfuil nítrigin.
  • Astaítear gáis fhluairínithe ó threalamh agus ó tháirgí a úsáideann na gáis sin. Bíonn éifeacht cheaptha teasa an-láidir ag astaíochtaí den chineál sin, suas le 23,000 uair níos láidre ná CO2.

An t-athrú aeráide a chomhrac

Ó tharla go gcuireann gach tona CO2 astaithe leis an téamh domhanda, is amhlaidh a chuireann gach laghdú astaíochtaí le maolú an téimh dhomhanda. Chun deireadh iomlán a chur leis an téamh domhanda, ní mór astaíochtaí CO2 glan-nialasacha a bhaint amach ar fud an domhain. Ina theannta sin, is féidir tionchar cumhachtach a bheith ag laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa eile, amhail meatán, ar an téamh domhanda a mhoilliú – go háirithe sa ghearrthéarma.

iarmhairtí an athraithe aeráide thar a bheith tromchúiseach, agus bíonn tionchar acu ar go leor gnéithe den saol. Is príomhthosaíochtaí de chuid an Aontais Eorpaigh iad an t-athrú aeráide a chomhrac agus dul in oiriúint do dhomhan atá ag dul i dteocht araon. Teastaíonn gníomhaíocht ar son na haeráide anois. Féach leat a bhfuil ar siúl ag an Aontas Eorpach chun an ghéarchéim aeráide a chomhrac.