Skip to main content
Climate Action

Tacaíocht na saoránach don ghníomhú ar son na haeráide

D’ainneoin phaindéim COVID-19, is ábhar mór imní do mhuintir na hEorpa an t-athrú aeráide go fóill agus tacaíonn siad le gníomhaíocht ar fud an Aontais chun dul i ngleic leis, dar le suirbhé Eorabharaiméadair a tháinig amach le déanaí ón gCoimisiún Eorpach.

Suirbhé 2021

support_2021_en.jpg

Príomhthorthaí an tsuirbhé

  • Dar le saoránaigh na hEorpa go bhfuil an t-athrú aeráide ar an bhfadhb is tromchúisí atá roimh an domhan faoi láthair.
  • Is dóigh le breis agus an ceathrú cuid d’Eorpaigh (29%) go bhfuil an t-athrú aeráide (18%), an meath ar an dúlra (7%) nó fadhbanna sláinte mar gheall ar an truailliú (4%) ar an bhfadhb is tromchúisí atá romhainn.
  • Measann 93% de shaoránaigh an Aontais gur fadhb thromchúiseach é an t-athrú aeráide agus is fadhb ‘an-tromchúiseach’ é dar le 78% acu. Aontaíonn 90% de na freagróirí – agus ar a laghad trí cheathrú acu i ngach Ballstát – gur cheart astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go dtí an leibhéal is ísle is féidir agus bearta cúitimh a dhéanamh i leith na n-astaíochtaí atá fágtha, chun go mbeidh geilleagar an Aontais neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050.
  • Ceapann 87% gur cheart don Aontas spriocanna uaillmhianacha a leagan síos chun an fuinneamh in-athnuaite a mhéadú agus chun tacú leis an éifeachtúlacht fuinnimh.
  • Aontaíonn 87 % de mhuintir na hEorpa gur cheart tús áite a thabhairt do dhul i ngleic leis an athrú aeráide ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí a fheabhsú.
  • Ceapann 92% d’fhreagróirí an tsuirbhé go bhfuil sé tábhachtach go leagfadh a rialtas náisiúnta síos spriocanna chun úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a mhéadú faoi 2030 agus ceapann 87% díobh gur cheart do na rialtais tacaíocht a thabhairt chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú faoi 2030. Ag an am céanna, ceapann 75% nach bhfuil a rialtas náisiúnta ag déanamh a ndóthain chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.
  • Creideann 81% díobh gur ceart tuilleadh tacaíochta airgeadais a thabhairt don aistriú chuig cineálacha glana fuinnimh, fiú má fhágann sin go laghdófar fóirdheontais do bhreoslaí iontaise.

Borradh a chur faoin ngeilleagar agus faoin bhfostaíocht

Aontaíonn 75% de mhuintir na hEorpa gur cheart cistí ón bplean téarnaimh eacnamaíoch a infheistiú sa gheilleagar glas nua. Aontaíonn níos mó ná ochtar as deichniúr d’fhreagróirí an tsuirbhé gur féidir leis an Aontas Eorpach leas eacnamaíoch a bhaint as saineolas an Aontais ar theicneolaíochtaí glana a chur chun cinn lasmuigh den Aontas, agus creideann 78% díobh go gcabhróidh sé le gnólachtaí an Aontais a bheith níos nuálaí agus níos iomaíche ach beart a dhéanamh faoin athrú aeráide.

Aontaíonn tromlach mór (70%) gur féidir cinnteacht an tsoláthair fuinnimh a mhéadú agus go mbeidh leas eacnamaíoch ann don Aontas Eorpach má laghdaítear iompórtálacha breoslaí iontaise ó thíortha lasmuigh den Aontas.

An pobal ag gníomhú

Tá gníomh sonrach amháin ar a laghad i gcoinne an athraithe aeráide déanta ag 96% de na freagróirí, go háirithe dramhaíl a laghdú agus a athchúrsáil (75% de na freagróirí) agus úsáid na n-earraí indiúscartha a laghdú aon uair is féidir sin (59%). Rinne beagnach aon trian acu beart trína nósanna cothaithe a choigeartú, go háirithe trí níos mó bia orgánach a cheannach agus a ithe (32%) agus trí níos lú feola a cheannach agus a ithe (31%).

Oiriúnú don athrú aeráide

Aontaíonn seisear as deichniúr de na freagróirí (62%), agus tromlach na bhfreagróirí i ngach Ballstát seachas i mBallstát amháin, gur féidir toradh dearfach a bheith ann do shaoránaigh san Aontas Eorpach ach oiriúnú do na drochiarmhairtí a bhíonn ag an athrú aeráide.

An tuarascáil ina hiomláine agus eolas faoi gach Ballstát

Léigh an tuarascáil iomlán (Achoimre) Faigh tuilleadh eolais faoi dhearcthaí an phobail i leith an athraithe aeráide i dtíortha ar fud an Aontais:

       
at.png
An Ostair      
fr.png
An Fhrainc      
mt.png
Málta
be.png
An Bheilg
de.png
An Ghearmáin
nl.png
An Ísiltír
bg.png
An Bhulgáir
gr.png
An Ghréig
pl.png
An Pholainn
hr.png
An Chróit
hu.png
An Ungáir
pt.png
An Phortaingéil
cy.png
An Chipir
ie.png
Éire
ro.png
An Rómáin
cz.png
An tSeicia
it.png
An Iodáil
sk.png
An tSlóvaic
dk.png
An Danmhairg
lv.png
An Laitvia
si.png
An tSlóivéin
ee.png
An Eastóin
lt.png
An Liotuáin
es.png
An Spáinn
fi.png
An Fhionlainn
lu.png
Lucsamburg
se.png
An tSualainn

 

Tuilleadh eolais: Preaseisiúint

Suirbhéanna roimhe seo

Eorabharaiméadar speisialta faoin athrú aeráide: Iúil 2019

Eorabharaiméadar speisialta faoin athrú aeráide: Iúil 2017

Eorabharaiméadar speisialta faoin athrú aeráide: Samhain 2015

Eorabharaiméadar speisialta faoin athrú aeráide: Márta 2014

Eorabharaiméadar speisialta faoin athrú aeráide: Deireadh Fómhair 2011

Eorabharaiméadar speisialta faoin athrú aeráide: Nollaig 2009

Eorabharaiméadar speisialta faoin athrú aeráide: Meán Fómhair 2008