Ar mhaith leat eolas a fháil faoin athrú aeráide agus faoin méid is féidir leat a dhéanamh chun dul i ngleic leis?
Ár bpláinéad, ár dtodhchaí
Féach ‘Ár bpláinéad, ár dtodhchaí’ chun foghlaim faoi na gnéithe eolaíochta den athrú aeráide, na himeachtaí atá ar siúl ar fud an Aontais agus an ról atá ag gach duine againn sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide.
Iris
Tá an iris do dhaoine óga ‘Ár bpláinéad, ár dtodhchaí’ ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais.
Tráth na gCeist
Déan do chuid eolais faoin aeráid agus fuinneamh a thástáil! Tá babhtaí de thráth na gceist le haghaidh páistí agus daoine fásta ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais agus sa Mhandairínis.
Cluiche cláir
Is féidir leat triail a bhaint as an gcluiche cláir faoin athrú aeráide atá ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais!