D’ainneoin phaindéim COVID-19, is ábhar mór imní do mhuintir na hEorpa an t-athrú aeráide go fóill agus tacaíonn siad le gníomhaíocht ar fud an Aontais chun dul i ngleic leis, dar le suirbhé Eorabharaiméadair a tháinig amach le déanaí ón gCoimisiún Eorpach.
Suirbhé 2021
Príomhthorthaí an tsuirbhé
- Dar le saoránaigh na hEorpa go bhfuil an t-athrú aeráide ar an bhfadhb is tromchúisí atá roimh an domhan faoi láthair.
- Is dóigh le breis agus an ceathrú cuid d’Eorpaigh (29%) go bhfuil an t-athrú aeráide (18%), an meath ar an dúlra (7%) nó fadhbanna sláinte mar gheall ar an truailliú (4%) ar an bhfadhb is tromchúisí atá romhainn.
- Measann 93% de shaoránaigh an Aontais gur fadhb thromchúiseach é an t-athrú aeráide agus is fadhb ‘an-tromchúiseach’ é dar le 78% acu. Aontaíonn 90% de na freagróirí – agus ar a laghad trí cheathrú acu i ngach Ballstát – gur cheart astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go dtí an leibhéal is ísle is féidir agus bearta cúitimh a dhéanamh i leith na n-astaíochtaí atá fágtha, chun go mbeidh geilleagar an Aontais neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050.
- Ceapann 87% gur cheart don Aontas spriocanna uaillmhianacha a leagan síos chun an fuinneamh in-athnuaite a mhéadú agus chun tacú leis an éifeachtúlacht fuinnimh.
- Aontaíonn 87 % de mhuintir na hEorpa gur cheart tús áite a thabhairt do dhul i ngleic leis an athrú aeráide ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí a fheabhsú.
- Ceapann 92% d’fhreagróirí an tsuirbhé go bhfuil sé tábhachtach go leagfadh a rialtas náisiúnta síos spriocanna chun úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a mhéadú faoi 2030 agus ceapann 87% díobh gur cheart do na rialtais tacaíocht a thabhairt chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú faoi 2030. Ag an am céanna, ceapann 75% nach bhfuil a rialtas náisiúnta ag déanamh a ndóthain chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.
- Creideann 81% díobh gur ceart tuilleadh tacaíochta airgeadais a thabhairt don aistriú chuig cineálacha glana fuinnimh, fiú má fhágann sin go laghdófar fóirdheontais do bhreoslaí iontaise.
Borradh a chur faoin ngeilleagar agus faoin bhfostaíocht
Aontaíonn 75% de mhuintir na hEorpa gur cheart cistí ón bplean téarnaimh eacnamaíoch a infheistiú sa gheilleagar glas nua. Aontaíonn níos mó ná ochtar as deichniúr d’fhreagróirí an tsuirbhé gur féidir leis an Aontas Eorpach leas eacnamaíoch a bhaint as saineolas an Aontais ar theicneolaíochtaí glana a chur chun cinn lasmuigh den Aontas, agus creideann 78% díobh go gcabhróidh sé le gnólachtaí an Aontais a bheith níos nuálaí agus níos iomaíche ach beart a dhéanamh faoin athrú aeráide.
Aontaíonn tromlach mór (70%) gur féidir cinnteacht an tsoláthair fuinnimh a mhéadú agus go mbeidh leas eacnamaíoch ann don Aontas Eorpach má laghdaítear iompórtálacha breoslaí iontaise ó thíortha lasmuigh den Aontas.
An pobal ag gníomhú
Tá gníomh sonrach amháin ar a laghad i gcoinne an athraithe aeráide déanta ag 96% de na freagróirí, go háirithe dramhaíl a laghdú agus a athchúrsáil (75% de na freagróirí) agus úsáid na n-earraí indiúscartha a laghdú aon uair is féidir sin (59%). Rinne beagnach aon trian acu beart trína nósanna cothaithe a choigeartú, go háirithe trí níos mó bia orgánach a cheannach agus a ithe (32%) agus trí níos lú feola a cheannach agus a ithe (31%).
Oiriúnú don athrú aeráide
Aontaíonn seisear as deichniúr de na freagróirí (62%), agus tromlach na bhfreagróirí i ngach Ballstát seachas i mBallstát amháin, gur féidir toradh dearfach a bheith ann do shaoránaigh san Aontas Eorpach ach oiriúnú do na drochiarmhairtí a bhíonn ag an athrú aeráide.
An tuarascáil ina hiomláine agus eolas faoi gach Ballstát
Léigh an tuarascáil iomlán (Achoimre) Faigh tuilleadh eolais faoi dhearcthaí an phobail i leith an athraithe aeráide i dtíortha ar fud an Aontais:
Tuilleadh eolais: Preaseisiúint
Suirbhéanna roimhe seo
Eorabharaiméadar speisialta faoin athrú aeráide: Iúil 2019
- Tuarascáil iomlán (Achoimre)
-
Eorabharaiméadar speisialta faoin athrú aeráide: Iúil 2017
- An tuarascáil iomlán
-
Eorabharaiméadar speisialta faoin athrú aeráide: Samhain 2015
- An tuarascáil iomlán
-
- 25/11/2015 - Nuacht - Tacaíocht ollmhór ó Eorpaigh don chomhghníomhaíocht dhomhanda i dtaca leis an athrú aeráide
Eorabharaiméadar speisialta faoin athrú aeráide: Márta 2014
- An tuarascáil iomlán
- 03/03/2014 - IP/2014/201 - Eorpaigh i bhfabhar leis an ngníomhú ar son na haeráide chun go mbeidh téarnamh eacnamaíoch ann agus chun poist a chruthú
Eorabharaiméadar speisialta faoin athrú aeráide: Deireadh Fómhair 2011
- An tuarascáil iomlán
- 07/10/2011 - IP/2011/1162 - An tAthrú Aeráide: Léirítear i suirbhé go bhfuil méadú ar imní an phobail agus ar leasanna eacnamaíocha an ghníomhaithe
Eorabharaiméadar speisialta faoin athrú aeráide: Nollaig 2009
- An tuarascáil iomlán
- 02/12/2009 - IP/2009/1858 - Eorabharaiméadar: An t-athrú aeráide an dara fadhb is tromchúisí atá againn sa lá atá inniu ann
Eorabharaiméadar speisialta faoin athrú aeráide: Meán Fómhair 2008
- An tuarascáil iomlán
- 11/09/2008 - IP/2008/1314 - Tacaíocht láidir ón bpobal do spriocanna an Aontais le dul i ngleic leis an athrú aeráide
- Full report
- 03/03/2014 - IP/2014/201 - Turn to climate action for a job-rich economic recovery, Europeans say
- Full report
- 07/10/2011 - IP/2011/1162 - Climate change: Survey shows increased public concern, awareness of economic benefits of action
- Full report
- 02/12/2009 - IP/2009/1858 - Eurobarometer: Climate change the second most serious problem faced by the world today
- Full report
- 11/09/2008 - IP/2008/1314 - Strong public support for EU targets on climate change