Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Climate Action

Maoiniú idirnáisiúnta don aeráid

An chaoi a dtacaíonn an tAontas le gníomhaíocht ar son na haeráide i ngeilleagair atá i mbéal forbartha ar fud an domhain.

Is feiniméan domhanda í an ghéarchéim aeráide. Ní mór dúinn astaíochtaí a laghdú ar fud an domhain – ní leor iad a ísliú san Aontas Eorpach amháin. Dá réir sin, tá an tAontas bródúil as a bheith i gcomhpháirt le geilleagair atá i mbéal forbartha chun an tacaíocht atá ag teastáil uathu a chur ar fáil dóibh leis an athrú aeráide a mhaolú agus le dul in oiriúint dó.

Is iad an tAontas, na Ballstáit agus an Banc Eorpach Infheistíochta, i dteannta a chéile, an ranníocóir is mó le maoiniú poiblí don aeráid i ngeilleagair atá i mbéal forbartha, agus chuir siad €23.04 billiún ar fáil in 2021.

Is iadsan freisin an soláthraí is mó ar domhan maidir le cúnamh oifigiúil um fhorbairt (€67 mbilliún ar an iomlán in 2020), agus tá an gníomhú ar son na haeráide á chomhtháthú níos mó agus níos mó sa chúnamh sin.

Sreafaí airgeadais a chur i gcomhréir le spriocanna aeráide

Faoi Chomhaontú Pháras, gheall roinnt tíortha ar fud an domhain go mbeadh sreafaí airgeadais comhsheasmhach le conair íseal-astaíochta agus go mbeadh siad aeráid-díonach, chun cabhrú lenár spriocanna fadtéarmacha maidir leis an aeráid a bhaint amach.

Sa chomhthéacs sin, sheol an tAontas Plean Gníomhaíochta uaillmhianach maidir le Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú chomh maith le straitéis chun an t-aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe a mhaoiniú. Cuidíonn an tAontas Eorpach freisin le geilleagair atá i mbéal forbartha chun feabhas a chur ar a ndálaí maidir le maoiniú ísealcharbóin a shlógadh.

I mí Dheireadh Fómhair 2019, in éineacht leis an Airgintín, Ceanada, an tSile, an tSín, an India, an Chéinia agus Maracó (tá tíortha eile páirteach anois), sheol an tAontas an tArdán Idirnáisiúnta maidir le Maoiniú Inbhuanaithe. Tá sé mar aidhm ag an Ardán dlús a chur le slógadh caipitil phríobháidigh le haghaidh infheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

Rannchuidiú an Choimisiúin Eorpaigh

In 2021 gheall an Coimisiún Eorpach €2.50 billiún do gheilleagair atá i mbéal forbartha, a bhfuil sciar suntasach de (beagnach 40%) tiomanta chun maoiniú a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí maidir le hoiriúnú don athrú aeráide.

Ina theannta sin, cé gur caitheadh 20% de bhuiséad iomlán an Aontais do 2014-2020 ar thionscadail a bhaineann leis an aeráid - tá an sprioc sin anois ag 30% do 2021-2027 agus 35% don Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI).

Ina theannta sin, chuir an Banc Eorpach Infheistíochta €2.56 billiún de mhaoiniú ar fáil don troid i gcoinne an athraithe aeráide do gheilleagair atá i mbéal forbartha in 2021. Maoiníonn sé, mar shampla, tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite san Afraic agus i réigiúin eile, agus is minic a chumascann sé cistí le cistí ón gCoimisiún agus ó ghníomhaireachtaí náisiúnta i dtíortha an Aontais.

Tionscnamh suaitheanta de chuid an Aontais - Comhaontas Domhanda um Athrú Aeráide+

Ba é an Comhaontas Domhanda um Athrú Aeráide Plus (GCCA+) an príomhbhealach le haghaidh tacaíocht ón Aontas d’idirphlé beartais agus do ghníomhaíocht shonrach spriocdhírithe ar son na haeráide i ngeilleagair atá i mbéal forbartha. Bhí an tionscnamh sin ar siúl ó 2014 go 2020 agus tá tionscadail á dtabhairt chun críche faoi láthair.

Méadaíodh an maoiniú deontais don tionscnamh sin ó €317.5 milliún sa chéad chéim (2007-2014) go €420 milliún sa dara céim (2014-2020).

Le GCCA+, díríodh go mór ar na Tíortha is Lú Forbartha agus ar na Stáit Oileánacha Bheaga atá i mBéal Forbartha (SIDS), toisc gurb iad sin is leochailí i leith an athraithe aeráide.

Ba é an cuspóir foriomlán idirphlé beartais agus comhar maidir leis an athrú aeráide a chur chun cinn idir an tAontas agus geilleagair atá i mbéal forbartha.

Réimsí tosaíochta:

  • an t-athrú aeráide a ionchorprú i ngnéithe éagsúla de straitéisí forbartha náisiúnta
  • athléimneacht i gcoinne thionchair an athraithe aeráide a mhéadú
  • cabhrú le tíortha straitéisí oiriúnaithe agus maolaithe a cheapadh agus a chur chun feidhme
  • cabhrú leo tionscadail forbartha a bhaineann leis an aeráid a ullmhú agus a mhaoiniú (is é sin le rá, tionscadail atá costéifeachtach).

An Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (EFSD+)

Tá an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+) mar chuid de chreat infheistíochta an Aontais do thíortha lasmuigh den Aontas. Cinntítear leis cumhdach ar fud an domhain le haghaidh raon oibríochtaí airgeadais. Tá sé san áireamh i gclár buiséid fhadtéarmaigh an Aontais le haghaidh gníomhaíocht sheachtrach: An Eoraip Dhomhanda – NDICI.

Is ionstraim chuimsitheach í le bealaí éagsúla chun tacú le forbairt tíortha comhpháirtíochta mar chuid di, cuir i gcás:

  • ráthaíochtaí
  • deontais a chuirtear ar fáil trí ‘cumasc’ (meascán de dheontais ón Aontas agus iasachtaí bainc thráchtála)
  • cúnamh teicniúil chun cabhrú le tíortha comhpháirtíochta cáilíocht a dtionscadal a fheabhsú agus athchóirithe a chur chun feidhme

Tiomsóidh CEFI+ acmhainní airgeadais le haghaidh forbairt inbhuanaithe agus chuimsitheach ón earnáil phríobháideach. Tacóidh sé le hinfheistíocht i dtíortha comhpháirtíochta chun cruthú post cuibhiúil a chur chun cinn, chun bonneagar poiblí agus príobháideach a neartú, chun fuinneamh in-athnuaite agus talmhaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn, agus chun tacú leis an ngeilleagar digiteach.

Áirítear leis an gcreat infheistíochta freisin an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, lena gcuirtear borradh €53 bhilliún faoi mhaoiniú an Aontais don fhorbairt inbhuanaithe.

Tá acmhainneacht €39.8 billiún ag an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha chun oibríochtaí CEFI+ a ráthú. In éineacht leis an earnáil phríobháideach agus a bhuí leis an éifeacht ghiarála, d’fhéadfadh sé sin €200 billiún a shlógadh in infheistíochtaí in 2021-2027.

An sprioc $100 billiún

Tá an tAontas tiomanta i gcónaí do rannchuidiú le sprioc na ngeilleagar forbartha $100 billiún in aghaidh na bliana ó fhoinsí éagsúla a shlógadh go comhpháirteach go dtí 2025 chun tacú le geilleagair atá i mbéal forbartha.

Tagann an maoiniú sin ó réimse leathan foinsí – foinsí poiblí agus príobháideacha, foinsí déthaobhacha agus iltaobhacha, agus foinsí malartacha airgeadais – i gcomhthéacs gníomhaíochta maolaithe fóintí agus cur chun feidhme trédhearcach ag geilleagair atá i mbéal forbartha.

Tá an tAontas ag iarraidh ar ranníocóirí atá ann cheana agus orthu siúd a d’fhéadfadh a bheith ann an ghníomhaíocht ar son na haeráide a mhaoiniú i ngeilleagair atá i mbéal forbartha i gcomhréir lena gcumais agus lena bhfreagrachtaí faoi seach.

I mí Mheán Fómhair 2022, d’fhoilsigh ECFE tuarascáil maidir le maoiniú ó na geilleagair forbartha don ghníomhú ar son na haeráide i ngeilleagair atá i mbéal forbartha. Léirítear inti go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag geilleagair forbartha maidir le maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide agus de réir na táscairí atá ann, leanfar leis an treocht aníos. An maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide do thíortha atá i mbéal forbartha, bhí sé ag $83.3 billiún in 2020, méadú ó $58.6 billiún in 2016.

An Ciste Glas don Aeráid a chaipitliú

Bunaíodh an Ciste Glas don Aeráid in 2010 chun cabhrú le geilleagair atá i mbéal forbartha a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun dul in oiriúint don athrú aeráide.

Ó 2014 i leith, tá gealltanais tosaigh dar luach $10.3 billiún bailithe aige. Tá beagnach leath den mhéid sin geallta ag tíortha an Aontais: $4.7 billiún.

Sa chéad athshlánú ar an gCiste Glas don Aeráid i mí Dheireadh Fómhair 2019, gheall 27 dtír (ar tíortha de chuid an Aontais an chuid is mó díobh) an ciste a athshlánú le €9.78 billiún breise do na 4 bliana amach romhainn. Faoin 31 Bealtaine 2022, d’eisíoc tíortha an Aontais $5.5 billiún de na cistí a gealladh.

Tugann roinnt tíortha agus réigiún san Aontas tuairim agus 95% de na gealltanais dheonacha bhliantúla chun feidhmiú an Chiste Oiriúnaithe a chinntiú, rud a chabhraíonn le tíortha atá i mbéal forbartha dul in oiriúint don athrú aeráide. Gheall an Coimisiún Eorpach tacaíocht dar luach €100 milliún don Chiste Oiriúnaithe ag COP26 in 2021.

Infheistíocht atá neamhdhíobhálach don aeráid a ghiaráil

Ní mór do thíortha maoiniú poiblí agus príobháideach breise a mhealladh chun aistriú chuig geilleagar atá neamhdhíobhálach don aeráid agus fás eacnamaíoch inbhuanaithe a spreagadh.

Ba cheart maoiniú idirnáisiúnta don troid i gcoinne an athraithe aeráide a úsáid mar luamhán chun infheistíocht atá seasmhach ó thaobh na haeráide de agus ísealcharbóin a dhreasú, rud a chomhlánóidh acmhainní intíre i ngeilleagair atá i mbéal forbartha.

Baineann dhá ghné le cur chuige an Aontais:

  • maoiniú deontais a chur ar fáil go díreach do na tíortha is boichte agus is leochailí
  • maoiniú deontais a úsáid chun infheistíocht phríobháideach a ghiaráil trí dheontais a chomhcheangal le hiasachtaí agus le cothromais ó fhoinsí poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear bainc forbartha déthaobhacha agus iltaobhacha

Mar shampla, tá roinnt saoráidí measctha curtha ar bun ag an Aontas agus na Ballstáit ina bhfuil maoiniú deontais agus iasachtaí, lena gcumhdaítear réigiúin éagsúla.

Doiciméid

Cliceáil ar na comharthaí + chun tuilleadh eolais a fháil.