Úsáid uisce go stuama. Níl ach 2.5% d'uisce an Domhain ina fhionnuisce. Tá níos mó ná dhá thrian den mhéid sin reoite in oighearshruthanna agus in oidhearchaidhpeanna ag na moil.

- Sábháiltear fuinneamh – agus airgead! – nuair a laghdaítear an méid uisce the a úsáideann tú. Suiteáil sconnaí doirtil agus cithfholcadáin aeraithe chun an méid uisce a úsáideann tú a laghdú.
- Cas as an sconna agus tú ag scuabadh do chuid fiacla. Agus an sconna ag rith, cuirtear amú suas le 8 lítear uisce in aghaidh an nóiméid!
- Má tá sconna ag sileadh, deisigh é. Mura ndéanfaidh tú sin, d'fhéadfá suas le lítear amháin uisce a chur amú in aghaidh na huaire, an méid a líonfadh folcadán iomlán gach seachtain.
- Seiceáil nach bhfuil do leithreas ag sceitheadh. Is féidir suas le 200 lítear uisce a chur amú in aghaidh an lae má bhíonn leithreas ag sceitheadh − is ionann sin agus é a shruthlú 50 uair.
- Cuir uisce ar do ghairdín go déanach san oíche nó go luath ar maidin, tráth a chaillfear níos lú uisce ó ghalú.
- Úsáid teirmeas. Agus tú ag fiuchadh uisce i gcomhair deoch te, ná fiuch ach an méid atá uait, nó doirt an t-uisce breise isteach i dteirmeas chun é a choinneáil te don chéad chupán eile.