Skip to main content
Climate Action

An t-athrú aeráide agus tusa

Baineann an t-athrú aeráide linn go léir, agus is féidir le gach duine gníomhú ar son na haeráide.

Tá athrú aeráide suntasach agus luathaithe ag tarlú ar ár bpláinéad mar gheall ar gháis ceaptha teasa arb iad astaíochtaí ó ghníomhaíochtaí an duine is cúis leo.

na héifeachtaí le brath ar gach mór-roinn agus táthar ag tuar go n-éireoidh siad níos déine de réir a chéile, rud a mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha aige ar ár ngeilleagair agus ar ár sochaithe.

Chun nach n-éireoidh an t-athrú aeráide níos measa, ní mór dúinn gníomhú chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go suntasach agus chun dul in oiriúint do na hathruithe atá ag tarlú anois agus a bheidh ann amach anseo ionas go mbeifear in ann teorainn a chur leis an damáiste.

Tá go leor buntáistí ag baint le gníomhú ar son na haeráide. Cabhraíonn sé le fuinneamh a shábháil, cáilíocht an aeir a fheabhsú, ár soláthairtí fuinnimh a dhaingniú agus fás agus poist a chruthú.

Tá an tAontas ag troid i gcoinne an athraithe aeráide trí bheartais uaillmhianacha anseo san Eoraip agus trí dhlúthchomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta.

Tá ról le himirt ag gach earnáil den gheilleagar agus den tsochaí maidir le todhchaí níos fearr a thógáil. Is féidir le gach duine páirt a ghlacadh ann!